Neoplasma
At de shaghas ar bith in áit ar bith sa cholainn. Sa chiall litriúil, cuimsíonn an téarma fiú at de bharr ionfhabhtaithe nó cist, ach den chuid is mó fáis éadroma neamhurchóideacha. Tarlaíonn fáis éadroma go háitiúil agus bíonn imill shoiléire acu. Déanann fáis urchóideacha (ailsí) ionradh ar fhíocháin sa chomharsanacht, éiríonn a n-imill doiléir, agus leathann siad chuig codanna eile sa cholainn trí imshruthú na fola is an córas limfeach.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |