Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir

Scríbhneoir Sasanach ab ea Dame Agatha Mary Clarissa Christie Mallowan DBE (née Miller; 15 Meán Fómhair 189012 Eanáir 1976) a rugadh i Torquay nDevon. Scríobh sí scéalta dúnmharaithe, scéinséirí, ficsean coireachta, agus bleachtaireachta. Chomh maith leo seo scríobh sí scéalta grá faoin ainm cleite Mary Westmacott, ach thar aon rud eile is le haghaidh na 66 úrscéal bleachtaireachta a scríobh sí (go háirithe na cinn le Hercule Poirot nó Miss Jane Marple), chomh maith le níos mó ná 15 bailiúchán gearrscéalta agus drámaí don West End a bhfuil clú agus cáil anois uirthi.

De réir Guinness Book of World Records, is é Christie an t-údar is mó díol ar domhan. Tá thart ar 4 bhilliún (4,000,000,000) cóip dá cuid leabhair díolta; níl ach Shakespeare agus an Bíobla tar éis níos mó a dhíol. Tá a cuid leabhair foilsithe i thart ar 103 teangacha, níos mó ná aon údar eile. Is é And Then There Were None a húrscéal a bhfuil an chuid is mó tóir ann dó, le níos mó ná 100 milliún cóip díolta. Sa bhliain 1971, rinneadh dáma aisti ag Banríon Eilís II i bPálás Buckingham.

Is é The Mousetrap, dráma a scríobh Christie, an dráma is faide ar siúl—níor stadadh dá léiriú ó thosaigh sé ar an 25 Samhain 1952 tar éis níos mó ná 24,600 léiriú. Tá mórán scannán ann bunaithe ar obair Christie, mar shampla Murder on the Orient Express, Death on the Nile, agus 4.50 from Paddington, agus tá cuid mhaith díobh curtha in oiriúint don teilifís, raidió, cluichí ríomhaire agus greannáin.

Agatha mar chailín óg

Luathshaol agus a Chead Phósadh

Rugadh Agatha Mary Clarissa Miller i Toruay, nDevon, Sasana, Ríocht Aontaithe. Bhí a máthair, Clarissa Margaret Boehmer, mar iníon de Captaein san airm, ach mar phaiste chuaigh sí chun cónaí lena haintín. Deireadh thiar phós sí mac a leasathar óna chéad phósadh, Frederick Alvah Miller, a bhí ag obair mar stocbhróicéir sna Stáit Aontaithe. Dá bhrí sin, deirfiúr a bhí na dhá bhean ar a dtug Agatha 'Grannie' orthu.

Ba Agatha an duine is óige de thriúr. Bhí dhá phaiste eile ag na Miller's: Margaret Frary Miller (1879–1950), a ghlaoigh siad Madge, a bhí mar sinsearach Agatha de 11 bliana, agus Louis Montant Miller (1880–1929), a ghlaoigh siad Monty, a bhí mar sinsearach Agatha de 10 bliana.

Íomhá:Christie1925.jpg
Agatha Christie, 1925

Dúirt Agatha go raibh óige sona aici. Cé nár d'fhreastail Agatha ar scoil, bhí oideachas aici. Chreid a mháthair nár chóir páistí foghlaim chun léamh go dtí aois a hocht, ach mhúin Agatha í féin chun léamh ag aois a ceithre. Mhúin a hathair Mata dí, agus d'imir siad cluichí a raibh ar nós Trivial Pursuit a bhfuil againn anois. Bhí ceachtanna pianó aici, a thaitin léi, agus ranganna damhsa, nár thaitin léi. Nuair nach raibh sí ábalta Fraincis a foghlaim trí oideachas foirmiúil, fuair sí buime nach raibh ábalta ach Francis a labhairt. Tháinig Agatha suas le scéalta ó aois an óg. Leann ceann dóibh, 'An Scoil', ar aghaidh go dtí go raibh Agatha ina bean fásta.

I rith an Céad Chogadh Domhanda, d'oibrigh Agatha mar bhanaltra sa VAD (Voluntary Aid Detachment). Mar chuid den obair, d'oibrigh sí i gcógaslann ospidéil, agus bhí tionchar aige ar a chuid oibre.

 
1926
Íomhá:Agatha Christie 3.jpg

Ar Oíche Nollag 1914, phós Agatha Archibald Christie, píolótach san Cór Eitilte Ríoga. Bhí iníon amháin acu, Rosalind Margaret Clarissa Hicks (née Christie; 5 Lúnasa 1919–28 Deireadh Fómhair 2004). Foilsíodh a céad úrscéal, The Mysterious Affair at Styles, sa bhliain 1920. Nuair a fuair Archie phost ag eagrú turas domhanda ag chur chun cinn ar an Taispeántas Impireacht na Breataine d'fhág an lánúin a iníon le máthair agus deirfiúr Agatha agus thaistil siad chuig an Afraic Theas, An Astráil, An Nua-Shéalainn agus Haváí. D'fhoghlaim siad conas tonnmharcaíocht a dhéanamh ag seasamh suas i Waikiki agus bhí siad mar chinn de na chéad mBriotanach chun é a dhéanamh.

Cealú

 
Agatha Christie, an Acrapoil, an Ghréig, 1958

Deanach sa bhliain 1926 dúirt Archie le Agatha go raibh sé I ngrá le beann eile, Nancy Neele, agus bhí fonn ar colscartha a fháil ó Agatha. Ar an 8 Mí na Nollaig 1926 bhí troid ag an lánúin, agus d'fhág Archie a theach, Styles I Sunningdale, Berkshire, chun an deireadh seachtaine a chaitheamh lena máistreás ag, Godalming, Surrey. An oíche cheanna d'imigh Agatha ó Styles. D'fhág sí dhá litir, ceann le haghaidh a rúnaí, á rá go raibh sí ag dul go Yorkshire, agus ceann le haghaidh Archie. Cé go raibh slua ollmhór daoine ar a lorg (An slua is mó daoine raibh ag féachaint i gcomhair duine amháin riamh) níor thángadar uirthi ar feadh 11 lá.

Ar an 19 Nollaig 1926 fuaireadar Agatha, a raibh tar éis clárú san Ostán Swan Hydropathic i Harrogate, Yorkshire, faoin ainm 'Mrs. Teresa Neele' (an sloinne ceanna le máistreás Archie), ó Cape Town. Níor thug Agatha aon fá ar feadh a cealú. Cé go ndúirt dhá dochtúir go raibh "psychogenic fugue" aici, tá tuairim fós roinnte faoi.

Scríobh an údar Jared Cade beathaisnéis faoin cealú, Agatha Christie And The Eleven Missing Days, ina ndeireann sé gur tháinig Agatha suas leis an rud go léir chun a fear chéile a iontu, agus níor cheap sí go dtiocfaidh aon rud mór as.

Fuair na Christie's colscartha i 1928, tar éis 14 bliain le chéile. I rith an am sin d'fhoilsigh Agatha 6 úrscéal, bailiúchán de gearrscéal agus roinnt scéalta i irisí.

 
The American Magazine, Márta 1933

Dara Phósadh agus Blianta Deiridh

I 1930, phós Agatha an seandálaí Max Mallowan tar éis dul leis ar thuras seandálaíochta. Bhí pósadh sona acu, go háirithe sna blianta luath, ach leann sé go dtí go bhfuair Agatha bás i 1976. Níor thaitin alcól léi, agus d'ól sí uisce ina ionad. Chomh maith leis seo níor thaitin tobac léi, ach chaith sí dhá thoitín gach lá ar feadh sé mhí, tar éis lón agus tar éis dinnéar, chun go dtaitneodh siad léi. Níor oibrigh sé.

D'úsáid Christie áiteanna a raibh eolach di ina cuid oibre. Chabhraigh a cuid taistil le Max léi dá bharr. Bhí leabhair eile bunaithe i Torquay, an áit inar rugadh í, m.sh. And Then There Were None. Scríobh sí Murder on the Orient Express sa bhliain 1934 san Óstán Pálás Pera in Iostanbúl, sa Tuirc. Tá an seomra inar fhán sí fós ann mar shéadchomhartha di.

Tionchar

D'fhoilsigh Agatha Christie dhá dhírbheathaisnéis: ceann iarbháis bunaithe ar a shaol ón óige go dtína sean-aois, agus ceann bunaithe ar na tréimhsí a chaith sí sa tSiria agus san Iaráic lena dara fear chéile, Max Mallowan. Foilsíodh an dara ceann sa bhliain 1946 leis an ainm Come, Tell Me How You Live.

Sa bhliain 2005, thángthas ar ghearrscéal darbh ainm The Incident of the Dog's Ball in áiléar iníon an údair. Is air a bunaíodh an t-úrscéal Dumb Witness. Foilsíodh é sa Ríocht Aontaithe i mí Meán Fómhair 2009 sa leabhar Agatha Christie's Secret Notebooks: Fifty Years of Mysteries in the Making, le John Curran, chomh maith le gearrscéal nua faoi Poirot, The Capture Of Cerberus.

Íomhá:Agatha Christie in the 1970s.jpg
1970idí

Tagairtí

 
Seomra Christie san Óstán Pálás Pera in Iostanbúl, an Tuirc.