Jump to content

John O'Mahony

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is polaiteoir Éireannach, iarbhainisteoir peile agus Teachta Dála do cheantar Mhaigh Eo é John O'Mahony (Gaeilge: Seán Ó Mathúna) (rugadh é 8 Meitheamh, 1953 ). Tá sé ina bhall de Fine Gael. Toghadh é ag toghchán ginearálta 2007. Is as Cill Moibhí i gContae Mhaigh Eo dó.

Bainistíocht Peile

Bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann Mhaigh Eo sa pheil Ghaelach agus d'éirigh leis foireann na Gaillimhe a stiúradh go dhá chraobh uile-Éireann sa pheil sna blianta 1998 agus 2001. Bhí sé ina bhainisteoir ar Liatroim, leis nuair a bhuaigh siad craobh Chonnachta sa bhliain 1994. Ainmníodh é mar a 114ú duine is mó tionchair sa CLG i liosta a cuireadh le chéile ag an Sunday Tribune dar teideal 125 Most Influential People In GAA History sa bhliain 2009.

Tagairtí