Cuitiliú
Cuma
Teimpléad:Infobox character Neach neamhshaolta é Cuitiliú i scéalaíocht uafáis H. P. Lovecraft. Ceann de na Seanóirí Móra is ea é, paintéón doilbh a chuid scéalaíochta. Is sa bhliain 1928 a d'fhoilsigh an Lovecraftach scéal a bhain leis den chéad uair – "The Call of Cthulhu" (Gaeilge: Gairm Chuitiliú)[1]. Déanann Lovecraft cur síos ar Chuitiliú mar arracht uafar ollmhór a bhíonn cultas gealt á adhradh. Amhailt cheart is ea é – meascán d'ochtapas, de dhragan agus de scigdhealbh den chruth daonna. Is as sin a ainmníodh domhan nó miotas na scéalta sin – an Chuitilíocht.
- ↑ Lovecraft, H. P. (1967). Selected Letters of H. P. Lovecraft IV (1932–1934). Sauk City, Wisconsin: Arkham House. Letter 617. ISBN 0-87054-035-1.