Neamhord forbartha teanga
Cuireann Neamhord Forbartha Teanga (NFT) isteach ar chumas leanaí teanga a thuiscint agus a úsáid go sóisialta.[1] agus cuireann sé isteach ar fhorás acadúil an duine óig [2]
Míniú
Tá riachtanais mhóra teanga, urlabhra agus tuisceana ag gach duine óg. Téann roinnt leanaí chun cinn go gasta ach bíonn cúnamh sa bhreis ag teastáil ó roinnt eile. Tá leanaí a bhfuil NFT ag dul dóibh sa dara grúpa seo. Ach ní bhaineann NFT le neamhoird eile, ná le heaspa cumais intleachtúil. Mar sin, go minic ní bhíonn a fhios ag daoine go bhfuil an neamhord seo ar leanaí.
Baineann na fadhbanna is coitianta ar na gairis seo leː graiméar, séimeantaic, an fhadhb "ar bharr do theanga"[3], pragmataic, dioscúrsa, cuimhne bhriathartha, foghareolaíocht, srl.
Ilteangachas
Ní le haonteangóirí amháin a bhaineann an neamhord.[4] Bíonn sé ag dul do leanaí ilteangacha ina gcuid teangacha ar fad freisin. Ní bhaineann NFT le teanga amháin a bheith níos deacra ná teanga eile. "Is cuma cé mhéad teanga atá ag páiste; tá NFT le sonrú ina chuid teangacha ar fad."[5] Ní bhaineann NFT le easpa cumais intleachtúil, le neamhord de chuid speictream an uathachais (ASD) ná le aon neamhord eile.
Feachtas agus cóir
Airítear NFT a bheith ar 7% de leanaí an domhain. Cé gur mór an méid é sin, níl NFT i mbéal an phobail.
Is le déanaí a tugadh aitheantas idirnáisiúnta don NFT. Tháinig radld.org ar an bhfód sa bhliain 2017. Ceiliúrtar anois Lá Feasachta Idirnáisiúnta ar Neamhord Forbartha Teanga i mí Dheireadh Fómhair.
Tagairtí
- ↑ Caoimhe Ní Laighin (2020-10-16). "Aird idirnáisiúnta inniu ar Neamhord Forbartha Teanga" (as ga).
- ↑ RADLD. "RADLD - Raising Awareness of Developmental Language Disorder" (en). RADLD. Dáta rochtana: 2020-10-17.
- ↑ "Tip of the tongue" (as en) (2020-06-27). Wikipedia.
- ↑ Nuacht TG4 (16 D.F. 2020). "FÍSEÁNː Aird idirnáisiúnta inniu ar Neamhord Forbartha Teanga" (as ga) Facebook.
- ↑ Professor Courtenay Norbury (2017). "Developmental Language Disorder: The most common childhood condition you've never heard of | Psychology | The Guardian". theguardian.com. Dáta rochtana: 2020-10-17.