Jump to content

Ollphéist

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pictiúr d'arracht mar a bheadh nathair 50 troigh ar fad, ag snámh san fharraige in aice le long, agus báidín ag faire air
Ollphéist nó nathair mhara

Is mar ollphéist a dhéantar tagairt do ghrúpa arrachta i bhfinscéalta agus i mbéaloideas na nGael. 'Ollphiasta' a thugtar orthu ó dheas. Is mar nathracha a dhéantar cur síos orthu go minic, agus iad millteach mór. Uaireanta bíonn sainchumhachtaí acu m.sh. bua na heitilte nó na cainte. I lochanna is mó a bhíonn siad ag cur fúthu agus, ní is annaimhe, in aibhneacha nó amuigh san aigéin mór.[1]

De réir tagairtí áirithe, bíonn siad chomh mór sin go shughadh an ollphiast chúiche agus shéideadh uaithi crainn na coille trí n-a cuid sranntaraighe.[2] Sa scéal is ársa, b'fhéidir, faoi laoch Gaelach ag cloí ollphéiste, .i. Eachtra Fhearghasa mhic Léite, deirtear go mbíonn an phéist uisce (nó 'mirdris') á méadú agus á laghdú féin ar nós bhoilg ghabha.[3]

I leagan déanach de scéal Loch Dearg, ní hamháin go bhfuil an ollphéist (ar a bhaistiú "an Chaol" san insint seo) in ann loch iomlán a chur trí chéile lena himeacht, agus in ann eitilt go hárd sa spéir,[4] ach is féidir léi méid mór d'ábhar éigin a theilgean as a béal amach mar chith gainnmhidhe cloichshneachta freisin.[5] Sa leagan seo, luaitear an Chaol mar 'phéist', mar 'fheithide', mar 'iolphéist', agus mar 'nathair neimhe'.

Uaireanta, is mar 'phéist' a dhéantar cur síos ar onchoin.[6] Mar sin, tá seans nach mbíodh de dhifir idir onchú agus ollphéist ach a dtomhas.

Is iomaí scéal mar a bhíonn Fionn mac Cumhaill nó laoch nó naomh eile i gcomhrac le hollphéist. Sampla tábhachtach is ea an laoi Seilg Sléibhe Truim, mar a bhfuil liosta fada de lochanna, aibhneacha agus gleannta a bhí torathar á áitreamh.[7]

Dar le Dáithí Ó hÓgáin, b'ionann fadó ainsprideanna, plánna agus péisteanna ó thaobh feidhme de, sa chiall is gur dhualgas do laochra iad a chur faoi chos. Bhí sé den tuairim gur ó scéal a dhíothaithe na nollphéisteanna a tháinig an scéal níos déanaí gurb é Naobh Pádraig a dhíbir na nathracha ó Éirinn.[8]

Radharc ar loch mín dorcha
Loch Dearg, a bhí dath na fola air ar feadh trí lá ⁊ mí ⁊ bliain i ndiaidh do na Fianna ollphéist a mharú ann

Ollphéisteanna Mór le Rá

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní liosta críochnúil é seo a leanas.

Scata daoine ag ligint a scíth ar thaobh locha ar lá breá
Turasóirí sna Gaibhlte

Bhí an oiread fhaitís ag daoine roimh na harrachtaí seo, nuair a bhí scéim uisce a bhí beartaithe do Bhaile Thiobraid Árainn sa naoú haois déag a bhainfeadh uisce d'Ard-Loch, áit a bhí ollphéist in ainm is a bheith ann, gur chuir daoine i gcoinne an scéim ar eagla go dtiocfadh an ollphéist isteach sna píobaí.[10]

Féach Freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 87. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  2. Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach (1942). "Croidhe Cainnte Chiarraighe": Lch 3586, s.v. 'sughaim'. 
  3. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 90. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  4. tug aghaidh ar an loch agus a craosbheol osluighthe agus do ghabh ag iobhadh an locha 'na thonntaibh tascacha; agus iar sin tug lúbadh róchruaidh ar a corp agus do éirigh i néallaibh an aidhéir agus i bhfraoighthibh na firmameinte ionnas nár bh'fhéidir d'aon [a fhaicsin] cár ghabh sí go ceann tréimhse fada d'aimsir.<\q> (lúibíní sa téacs clóite)
    An tAthair Pádraig Ua Duinnín (1917). "Me Guidhir Fhearmanach": lch 24. Baile Átha Cliath: Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge. 
  5. Annsoin do oscuil a craosbheol agus do scéith a hurchroidhe feadh an locha mar chith gainnmhidhe [nó] cloichshneachta agus go formhórach fa shúilibh an tailginn gona chléircibh, ionnas gur mhachtnuigheadar go mór an naoimhchléir re huamhan na hiolphéiste; (lúibíní sa téacs clóite)
    An tAthair Pádraig Ua Duinnín (1917). "Me Guidhir Fhearmanach": lch 24-25. Baile Átha Cliath: Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge. 
  6. N. J. A. Williams (1989). "Of Beasts and Banners the Origin of the Heraldic Enfield" (as Béarla). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 119: Lch 73-5. Royal Society of Antiquaries of Ireland. 
  7. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 87-88. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  8. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 93-6. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  9. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 88. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  10. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 97. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.